Jump to content

Hipirtheannas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Riocht ina mbíonn an brú fola siostólach is an brú fola diastólach ardaithe thar na leibhéil normálta. Is hipirtheannas urchóideach é nuair a bhíonn an brú diastólach os cionn 130 mmHg, agus is garbhaol báis é sin. Déanann aon leibhéal os cionn an leibhéil normálta damáiste éigin do na fuileadáin ar fud na colainne. Is iad na fuileadáin san inchinn, na súile, an croí agus na duáin is leochailí. Mar thoradh ar hipirtheannas, is féidir go bhfaighidh duine stróc, drochradharc súl, galar corónach croí, agus cliseadh na nduán. Ní fios go cruinn cad a chuireann tús le hipirtheannas in an-chuid cásanna, ach is eol go gcuireann raimhre is caitheamh toitíní leis. I gcásanna ar leith, cosúil le siondróm Cushing agus galar na nduán, mar a mbíonn tál na hormón suaite, is eol go gcuireann a leithéid tús le hipirtheannas.

Teimpléad:Link GA Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR