An chéad spásaire de chuid na Stát Aontaithe, a rugadh in East Derry, New Hampshire ab ea Alan Bartlett Shepard (1923-1998). Tharla a eitilt fho-fhithiseach i spáschochall Mercury, Freedom 7, i 1961. Bhain sí airde 185 km amach, agus mhair 15 nóiméad. Ceannasaí ar fhoireann Apollo 14 a tháinig i dtír ar an nGealach i 1971.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.