Jump to content

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadAn Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí
Ainm gearrDSGVO, GDPR, GDPR, RGPD, RODO, RGPD, ОРЗД, AVG, ĜDPR, RGPD, GDPR agus SUVP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálregulation of the European Parliament and of the Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaofficial languages of the European Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharcosaint sonraí, faisnéis phearsanta agus príobháideachas Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe4 Bealtaine 2016 Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarParlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Obair iomlánTéacs iomlán Cuir in eagar ar Wikidata

Is rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh é an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, nó RGCS.[1] Leagann an rialachán síos rialacha chosaint sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta dhaoine, chomh maith le rialacha maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Fíneáil Meta 2024

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gearradh fíneáil €91m ar Meta in 2024 i ndiaidh don Choimisiún fiosrúchán a dhéanamh ar an gcaoi a raibh roinnt pasfhocal stóráilte ag Meta i ngnáth-théacs gan chriptiú ar chórais inmheánacha an chomhlachta. B'iad Meta iad féin a chuir an Coimisiún ar an eolas go raibh na pasfhocail stóráilte gan chosaint acu agus rinneadh an sárú de thaisme, a dúirt siad.

Rialaigh an Coimisiún go raibh ceithre shárú déanta ag Meta ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Bhain siad le teip an chomhlachta úsáideoirí a chur ar an eolas go raibh sárú déanta ar a sonraí pearsanta agus le teip an chomhlachta beartais teicniúla ná eagraíochtúla a úsáid chun sonraí na n-úsáideoirí a chosaint sa chéad dul síos.[2]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. as Béarla, General Data Protection Regulation nó giorrúchán GDPR
  2. Nuacht RTÉ (2024-09-27). "Fíneáil €91m gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ar Meta" (as ga-IE). 
  3. "General Data Protection Regulation (GDPR) 🇪🇺 Official Text – General Data Protection Regulation". gdprinfo.eu. Dáta rochtana: 2024-09-28.