Eipiciúras
Ainm sa teanga dhúchais | (grc) Ἐπίκουρος |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 342 "RCh" Samas, An Ghréig |
Bás | 270 "RCh" 71/72 bliana d'aois an Aithin, An Ghréig |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Clocha fuail) |
Áit adhlactha | an Aithin |
Ardscoláire (príomhoide) den scoil Eipiciúrach | |
311 "RCh" – 270 "RCh" – Hermarchus → | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Creideamh sa tSean-Ghréig |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fealsúnacht |
Gairm | fealsamh, scríbhneoir |
Tréimhse ama | An Ré Heilléanaíoch |
Gluaiseacht | Epicureanism (en) |
Mac/iníon léinn de chuid | Nausiphanes |
Mac/iníon léinn | Hermarchus, Polyaenus of Lampsacus (en) , Leonteus of Lampsacus (en) , Themista of Lampsacus (en) , Colotes, Leontion, Mys, Menoeceus, Pythocles, Nicanor, Ctesippus, Apelles, Mammarion, Hedeia, Erotion, Nicidion, Boison, Demetria, Athenaios agus Mentorides |
Faoi thionchar | |
Teangacha | An tSean-Ghréigis |
Teaghlach | |
Athair | Neocles agus Chaerestrate |
Siblín | Chaeredemus agus Aristobulus |
Fealsamh de chuid na Sean-Ghréige ab ea Eipiciúras (Gréigis: Ἐπίκουρος, Epikouros, "comhghuaillí, comrádaí"; Samos, 341 r.Ch. – Aithin, 270 r.Ch; 72 bliana d'aois in am a bháis), a bhunaigh scoil fealsúnachta darb ainm an tEipiciúrachas. Ní mhaireann ach roinnt bheag de shleachta is litreacha de na 300 saothar a scríobh sé. Is óna lucht leanúna agus tráchtairí níos moille a thagann a lán den eolas atá againn inniu maidir leis an bhfealsúnacht Eipiciúrach.
Fealsúnacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dar le hEipiciúras, is í aidhm na fealsúnachta ná saol sona suaimhneach a bhaint amach. Is iad an "ataraxia" (suaimhneas aigne is easpa eagla) agus an "aponia" (easpa péine) an dá thréith is mó a bhaineann le beatha duine a leanann an fhealsúnacht i gceart. Is trí thuiscint cheart ar nádúr an tsaoil, trí srian a choinneáil ar na mianta, agus trí dhul i muinín chomhluadar na gcarad, atá an staid shona seo le baint amach.
Mhúin Eipiciúras gurb ionann an mhaith agus an pléisiúr. Shéan sé go raibh aon anam neamhfhisiciúil ag an duine, agus gurb é an bás deireadh le saol an duine. Cheap sé go raibh an eagla roimh an mbás ar na constaicí is mó a chuireann duine óna shuaimhneas.
Cé nár shéan Eipiciúras go bhfuil na déithe ann, dúirt sé gur cuma leo an cine daonna, agus mar sin níl sé ceart eagla a bheith ag duine roimh dhéithe. Chloígh sé leis an teoiric adamhach a chum Déamócratas, cé gur athraigh sé mionsonraí na teoirice sin, go háirithe chun é a chur in oiriúint le coincheap na tola saoire.
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé go bhfuil cáil ar Eipiciúras inniu mar dhuine cíocrach a mhol dá lucht leanúna géilliúnt dá gcuid mianta, míthuiscint den teoiric is ea é seo. Cé gurb iad mothúcháin pléisiúrtha agus pianta an tslat tomhais chun an mhaith a aithint thar an olc, dar le hEipiciúras, d'aithin sé gur fearr pléisiúir áirithe a sheachaint toisc go mbaineann roinnt mhaith oilc leo.
Mar shampla, is mó na fadhbanna a eascraíonn ón bpótaireacht ná an pléisiúr atá le baint aisti. Mhol Eipiciúras freisin bia simplí de rogha ar bheatha níos saibhre, chun go mbeadh an duine níos neamhspleách ar chora an tsaoil.
Bhíodh an scoil fhealsúnachta a bhunaigh Eipiciúras ar na scoileanna is tábhachtaí sa Ré Ársa, mar aon leis an Stóachas (Stoicism). Is é an file Rómhánach Lúicréitias an scríbhneoir Eipiciúrach is cáiliúla na laethanta seo.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |