Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2021
| ||||
Cineál | coinbhleacht eitneach coinbhleacht armtha tarlú ainriail shibhialta | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Palestinian conflict (en) | |||
Tréimhse | 6 - 21 Bealtaine 2021 | |||
Dáta na bliana | 2021 | |||
2022 → | ||||
Suíomh | an Leiveaint Theas | |||
Tír | Iosrael agus Stát na Palaistíne | |||
Rannpháirtí | ||||
Is cúis le | international reactions to 2021 Israel–Palestine crisis (en) | |||
Líon básanna | 300 Palaistínigh | |||
Líon gortaithe | > 1,600 592 Israelis (en) | |||
Líon na ngabhálacha | ||||
Meán cumarsáide | ||||
Croineolaíocht | ||||
2021 Lod riots (en) | ||||
Operation Guardian of the Walls (en) | ||||
Jerusalem riots (2021) (en) | ||||
2021 Acre riots (en) | ||||
Codanna | ||||
Thosaigh an ghéarchéim Iosrael-Palaistín ar 6 Bealtaine 2021 nuair a bhris caismirtí amach idir lucht agóide agus póilíní i gcathair Iarúsailéim.[1] Ar dtús, bhí na Palaistínigh sa chathair ag cur in aghaidh plean daoine a chur amach as a dtithe agus iad a thabhairt do Ghiúdaigh.[2]
Lean an chogaíocht idir Iosrael agus Hamas (míleataigh Phalaistíneacha) go dtí 21 Bealtaine, nuair a tháinig sos cogaidh fós i bhfeidhm.
1. Coilíniú agus agóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla caismirtí, cóngarach do mhosc Al-Aqsa i gcathair Iarúsailéim, ar 6 Bealtaine. Bhí teannas sa chathair toisc go raibh sé beartaithe teaghlaigh Phailistíneacha a aslonnú as a dtithe cónaithe, ionas gur féidir lonnaíocht a chruthú do áitritheoiri Ghiúdacha.[3]
Ina theannta sin, bhí comóradh á dhéanamh ag Iosrael ar an seilbh a ghlac sé ar 10 Bealtaine 1967 ar chuid d'Iarúsailéim, Lá Iarúsailéim, le linn an chogaidh Iosrael-Arabach 1967.
2. Ionsathe roicéid agus aerbhuamáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maraíodh cúpla Iosraelach de bharr ionsaithe roicéad ar 10 Bealtaine, a rinne Hamas ar chathair Aiscileon i ndeisceart Iosrael agus áiteanna eile sna laethanta ina dhiaidh.[2]
Thosaigh eitleáin chogaidh le hIosrael ag scaoileadh buamaí anuas ar Gaza, ag rá gur mílísteoirí Hamas an sprioc atá acu. Scaoil eitleáin Iosrael diúracáin le foirgnimh i limistéar Ghaza. I measc na n-ionsaithe, bhí foirgnimh, ina mbíodh na meáin idirnáisiúnta ag cur fúthu i gcathair Gaza, scriosta ag eitleáin chogaidh Iosrael (tugadh foláireamh uair a chloig sular scaoileadh na buamaí).[4]
Ar an 14 Bealtaine, bhí an túr Jalal, an túr is mó, scriosta ag aerfhórsa Iosrael. Dúirt Iosrael go mbíodh Hamas ag feidhmiú ón bhfoirgneamh go rialta; bhí sé seo séanta ag an té a mba leis an foirgneamh. Foirgneamh é seo ina mbíodh iriseoirí AP chomh maith le hiriseoirí ó Al Jazeera.
Bhuail eitleáin Iosrael sé ospidéal i nGaza chomh maith agus bhí géarghanntanas leapacha ann.[5]
Dhún Iosrael na pointí trasnaithe teorann go léir timpeall Gaza. Ganntanas bia agus breosla a bhí ann i nGaza dá bharr.[6] (Tá smacht ag Iosrael ar sholáthar bia, ar sholáthar aibhléise, agus ar sholáthar uisce na bPalaistíneach i nGaza).[7]
Tháinig sos cogaidh fós i bhfeidhm i nGaza ar 21 Bealtaine 2021. I ráiteas ó Aireacht Gnóthaí Eachtracha Iosrael, ghabh an rialtas buíochas leis na Stáit Aontaithe as a tacaíocht leanúnach agus chuir Iosrael an milleán iomlán ar mhílistigh de chuid Hamas as na mílte roicéad a scaoileadh le Iosrael.[8]
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Idir 6-21 Bealtaine, maraíodh 12 Iosraelach, ina measc saighdiúir amháin. Ar an taobh eile, maraíodh 248 Palaistíneach, 66 páiste san áireamh.[9] (Ar an 14 Bealtaine, maraíodh deichniúr as teaghlach amháin).[4]
Dúirt oifigigh de chuid na Náisiún Aontaithe go raibh 80,000 duine díláithrithe i nGaza mar gheall ar an gcogaíocht a bhí ar bun sa cheantar ar feadh coicíse.
Ar 21 Bealtaine, bhí 50 leoraí le soláthairtí fóirithinte, bia agus leigheas ina measc, scaoilte isteach i nGaza agus trasbhealach teorann Kerem Shalom leath oscailte arís.[10]
Lean caismirtí ar aghaidh idir phóilíní Iosrael agus lucht agóidíochta a bhí ag caitheamh clocha taobh amuigh de mhosc Al-Aqsa in Iarúsailéim. Bhí cúrsaí fós an-leochaileach ann.[10]
Cáineadh idirnáisiúnta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí achainí déanta go hidirnáisiúnta go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean sa cheantar.
Bhí Comhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe i mbun cruinnithe éigeandála féachaint le réiteach a fháil ar an bhforéigean. Ach chuir rialtas SAM bac ar ráiteas ag iarraidh ar Iosrael agus Hamas a gcúl a thabhairt don fhoréigean.
Dúirt Uachtarán na Stáit Aontaithe, Joe Biden, go raibh an ceart ag Iosrael é féin a chosaint. Cuireann na Stáit Aontaithe bac ar aon rún lena dtacaítear leis an Phalaistín nó aon rún i gcoinne Iosrael.[7]
Dúirt rialtas na Gearmáine go raibh Iosrael ag iarraidh cosaint a dhéanamh air féin.[11] Ag an am céanna, bhí meáin áirithe ag iarraidh orainn a chreidiúint gurb iad na Palaistínigh an dream ionsaitheach agus an pobal bagrach agus nach bhfuil Iosrael ach dá chosaint féin.[7]
Bhí suíochán ar Chomhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe ag Éirinn ag an am. Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, go mba uafásach an ní é gur maraíodh páistí chomh hóg le 6 mhí, le linn na buamála ar Gaza.[12] Cháin sé Hamas chomh maith as a bheith ag scaoileadh roicéid le pobal Iosrael, ach dúirt go raibh ionsaithe Iosrael marfach agus do-ghlactha. D'iarr sé go ngairmfí sos lámhaigh láithreach.
Dúirt an tUachtarán Higgins go dtuigeann pobal na tíre seo go rí-mhaith a bhfuil ag tarlú thall ansin agus go bhfuil an díshealbhú ina chnámh spairne i stáit chomh mór anois agus a bhí sé aimsir an ghorta sa tír seo.[13]
Ar 22 Bealtaine, d'fhreastail breis is 1,000 ar agóid ag Ambasáid Iosrael i mBaile Átha Cliath chun tacú le muintir na Palaistíne i Gaza.[14]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Coimhlint Iosrael-Hamas, 2014
- Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022
- Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2023
- Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023
- Gaza (scannán 2019)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Seán Ó Muireagáin, 'Is cúis chóir cheart í cúis na bPalaistíneach – seasaimis leo', NÓS, 14ú Bealtaine 2021.[7]
- Rialtas na hÉireann, 'An Cás i nGaza agus in Iosrael – Cad é seasamh na hÉireann?', 2014.[15]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2021-05-09). "Na scórtha gortaithe i tuilleadh caismirtí in Iarúsailéim" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2021-05-11). "26 Palaistíneach, beirt Iosraelach maraithe sa Mheánoirthear" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-05-09). "Na scórtha gortaithe i tuilleadh caismirtí in Iarúsailéim" (as ga).
- ↑ 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2021-05-15). "Foirgneamh ina raibh na meáin idirnáisiúnta scriosta ag Iosrael" (as ga).
- ↑ Elisabeth Mahase (2021-05-20). "Gaza: Israeli airstrikes kill doctors and damage healthcare facilities" (as en). BMJ 373: n1300. doi: . ISSN 1756-1833.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-05-10). "Suas le 180 duine gortaithe in Iarúsailéim de bharr caismirtí" (as ga).
- ↑ 7.0 7.1 7.2 7.3 Seán Ó Muireagáin (2021). "‘Is cúis chóir cheart í cúis na bPalaistíneach – seasaimis leo!’" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2021-05-23.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-05-23). "Achainí déanta go gcloifí go docht leis an sos cogaidh i Gaza" (as ga).
- ↑ "Israel and Hamas both claim victory as ceasefire holds". Reuters (2021-05-20). Dáta rochtana: 2021-05-23.
- ↑ 10.0 10.1 Nuacht RTÉ (2021-05-22). "Sos cogaidh fós i bhfeidhm i Gaza" (as ga).
- ↑ Deutsche Welle (www.dw.com). "Germany stands by Israel — despite the Holocaust, and because of the Holocaust | DW | 14.05.2021" (en-GB). DW.COM. Dáta rochtana: 2021-05-23.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-05-16). "40 duine marbh i Gaza;an líon is mó ó thús na cogaíochta" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-05-16). "Tagairt ag an Uachtarán don Mheánoirthear ina aitheasc Gorta" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-05-22). "1,000 duine ag agóidíocht i mBÁC ag tacú le muintir na Palaistíne" (as ga).
- ↑ "An Cás i nGaza agus in Iosrael – Cad é seasamh na hÉireann? - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-05-23.