Lámhach Cleveland Elementary (San Diego)
| ||||
Cineál | lámhach scoile | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 29 Eanáir 1979 | |||
Suíomh | San Diego, California | |||
Líon básanna | 2 | |||
Líon gortaithe | 9 | |||
Déantóir na coire | Brenda Ann Spencer | |||
Arm | Ruger 10/22 (en) | |||
Dúnmharaíodh beirt daoine fásta agus gortaíodh ocht bpáíste in ionsaí lámhaigh ar scoil i gCalifornia, an Grover Cleveland Elementary School in San Diego ar 29 Eanáir 1979.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí déagóri, Brenda Spencer, 16 bliain d'aois ag an am. ina cónaí os comhair na scoile. Ag 7h50 Dé Luain, bhí páistí i scuaine chun dul isteach sa scoil. 'Dubh dóite' léi féin (nó sin a mhaígh sí), thosaigh Spencer ag lámhach. Chuir na póilíní a teach faoi léigear. Tháinig iriseoir ar a huimhir ghutháin trí sheans. "I don't like Mondays. This livens up the day." a dúirt sí leis an iriseoir. Tháinig sí amach as an teach níos déanaí nuair a thairg na póilíní béile Burger King di.
Rinneadh diagnóis sa phríosún níos déanaí go raibh titimeas uirthi. Bhí galar dubhach uirthi chomh maith agus bhí sí i riocht í féin a mharú. Am Nollag 1978, thug a hathair raidfhfil dí (Ruger 10/22, raidhfil leath-uathoibríoch de chalabra .22) mar bhronntanas. Bhí Spencer ag iarraidh raidió a fháil. Ach bhí a hathair ag súil go gcuirfeadh sí lámh ina bás féin, b'fhéidir.
Príosúnacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Spencer faoi aois sa bhliain 1979. Ach ar 4 Aibreán 1980, agus 18 in aois di, gearradh téarma príosúin 25 bliana uirthi.
Sa bhliain 2004, níor ligeadh amach Spencer, agus níor ligeadh amach ar 'parúl' í ach an oiread. Diúltaíodh a saoirse di gach bliain ó shin.[1]
Sna meáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1979, bhí an-ráchairt ar an amhrán 'I Don’t Like Mondays' de chuid Na Boomtown Rats.[2] Ar 20 Lúnasa 1979, tháinig na Francaigh ó Bhaile Borrach isteach sna cairteacha sa Ríocht Aontaithe ag uimhir a haon. Labhair Bob Geldof faoi níos déanaí.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Teen school shooter who 'didn't like Mondays' goes up for parole" (en-gb). The Sun (2019-04-05). Dáta rochtana: 2022-08-20.
- ↑ "The Boomtown Rats - I Don't Like Mondays (Official Video)" (as en) .
- ↑ "BOB GELDOF reveals the TRUTH of "I Don't Like Mondays"!" (as en) .